8 Agus do thuit cuid eile dhe a dtalamh mhaith, agus tug sé toradh, cuid céudeiread, cuid trí fichid uiread, cuid a deich fichead uiread.
9 Gidh bé agá bhfuillid clúasa chum éisdeachda, éisdeagh sé.
10 Agus tangadar a dheisciobuil chuige, agus a dubhradar ris, Créd fa labhrann tú riu a gcosamhlachduibh?
11 Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, Do bhrígh gur ab daóibhsi tugadh fios rúindíomhra na ríoghachda neamhdha, do bheith agaibh, agus níor tugadh dhóibhsean é.
12 Oír giodh bé neach agá bhfuil ní, is dó do bhéarthar, agus biáidh go léor aige: achd giodh bé neach a tá gan ní, toígéabhthar úadh fós an ní a tá aige.
13 Air a nadhbharsin labhraim ríu a gcosamhlachdaibh: óir giodh a tá radharc aca ní fhaicid said; agus giodh a tá éisdeachd aca ní chluiníd said, agus ní thuigid said.
14 Agus cóimhlíontar ionnta fáigheadóireachd Esaiás, a deír, Le héisdeachd do chluinfidhe, agus ní thuifidhe; agus ag amharc do chífidhe, agus ní budh léir dhaóibh: