22 Agus air ball do chuir Iósa dfhiachaibh ar a dheisciobluibh dul a luing, agus dul roimhe féin don táoibh oile, no go léigeadh sé an pubal úadh.
23 Agus an tan do léig sé an pubal úadh, do chúaidh sé súas air shlíabh ná áonar do dhéanamh urnuighthe: agus an tan do bhí deireadh an láoi ann, do bhí se an sin ná áonar.
24 Agus do bhí an long fá a námsin a meadhón ná fairge, dá tteilgean a nunn agus a nall ag na tonnaibh: óir do bhí an gháoth na naghaidh.
25 Agus a gcionn an ceathramhadh faire do noidhche do chúaidh Iósa na nionnsaid, ag siobhal air an bhfáirge.
26 Agus an tan do chunnacadar a dheisciobail é ag siobhal air an bhfairge, do bhádár air na mbuaidhreadh, ag rádh, Is gósda é; agus do éimhgheadar lé heagle.
27 Agus do labhair Iósa ríu air an mball ag rádh, Biódh meisneach maith agaibh; is Misi a tá ann; ná bíodh eagla oraibh.
28 Agus tug Peadar freagra air agus a dubhairt sé, A Tighearna, más tu atá ann, aithin díomsa dul ad choinne air na huisgidhibh.