25 Agus a gcionn an ceathramhadh faire do noidhche do chúaidh Iósa na nionnsaid, ag siobhal air an bhfáirge.
26 Agus an tan do chunnacadar a dheisciobail é ag siobhal air an bhfairge, do bhádár air na mbuaidhreadh, ag rádh, Is gósda é; agus do éimhgheadar lé heagle.
27 Agus do labhair Iósa ríu air an mball ag rádh, Biódh meisneach maith agaibh; is Misi a tá ann; ná bíodh eagla oraibh.
28 Agus tug Peadar freagra air agus a dubhairt sé, A Tighearna, más tu atá ann, aithin díomsa dul ad choinne air na huisgidhibh.
29 Agus a dubhairt seisean, Tárr. Agus an tan do chúaidh Peadar sios as an luing do shiobhail se ar na huisgidhibh, do chum teachd go Hiósa.
30 Achd an tan do chonnairc sé an gháoth laidir, do ghabh eagla é; agus a núair do thionnsgain sé dul a níochdar, do sgread se, ag rádh, A Thighearna, fóir orum.
31 Agus ar síneadh a láimhe ar an mball Diósa, rug sé air, agus a deir sé ris, A fhir an chreidimh bhig, créd far ghabh cuntabhairt thú?