30 Achd an tan do chonnairc sé an gháoth laidir, do ghabh eagla é; agus a núair do thionnsgain sé dul a níochdar, do sgread se, ag rádh, A Thighearna, fóir orum.
31 Agus ar síneadh a láimhe ar an mball Diósa, rug sé air, agus a deir sé ris, A fhir an chreidimh bhig, créd far ghabh cuntabhairt thú?
32 Agus an tan do chúadar a sdeach ann sa luing, do choisg an gháoth.
33 Agus tangadar an luchd do bhí sa luing, agus donóriogheadar é, ag rádh, Go firinneach is tusa Mac Dé.
34 Agus an tan do chúadar tar úisge, tangadar go talamh Genesaret.
35 Agus an tan do aithnidheadar luchd na háitesin é, do chuireadar fios air feadh na tíresin uile ar gach táobh dhíobh, agus tugadar gach a raibh easlán chuige;
36 Agus do chuireadar impidhe air go mbáinfidís lé himeal a éaduigh amháin: agus an mhéid díobh do bhean do slánaigheadh íad.