6 Agus an tan do bhí sóllamain an láoi ann a rughaidh Iorúaith dá dhéanamh, do rinne ínghean Heródias damhsa na fhíadhnuisi, agus do thaitin sí ré Hiorúaith:
7 Ionnas gur gheall sé maille lé mionaíbh go dtiobhradh sé dhí giodh be ar bhith ní do íarrfadh sí.
8 Agus air bhfagháil teagaísg ó ná mathair dhisi, a dubhairt sí, Tabhair dhamh ann so ceann Eóin Baisde air mhéis.
9 Agus do ghabh doilgheas an rí: achd ar son a mhionna, agus ná muinntire do bhí na suidhe ná chuibhreann, do áithin sé a thabhairt di.
10 Agus ar gcur fhir dícheanta úadh, do bhean sé a cheann Déoin ann sa phríosún.
11 Agus tugadh a cheann air mheis, agus tugadh do chailín é: agus tug sisi dá mathair é.
12 Agus tangadar a dheisciobáil an tansin, agus rugadar chorp léo, agus do adhlacadar é, agus tangadar agus do mniseadar sin Díosa.