11 Ní hé an ní théid a sdeach ann sa mbéul shaluigheas an duine; achd an ní thig as an mbeul, a sé so shaluigheas an duine.
12 Ann sin thangadar a dheisciobuil, agus a dubhadar ris, A né nach dtuigeann tú go bhfúaradar na Pharisínigh do chúala an glórsa, oilbhéim ann?
13 Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé, Gach uile phlanda, nach ar chuir Mathair neamhdhasa, beanfuighthear as a fhréamhach é.
14 Léigidh dhóibh féin: is éoluighthe dalla a gcionn dall íad. Agus ma thréoruigheann dall dall éile, tuitfid a raon sa díg.
15 Agus ar bhfreagra do Pheadar a dubhairt sé ris, Mínigh dhúinne an chosamhlachdsin.
16 Agus a dubhairt Iósa, An bhfuiltísi leis fós ainbhfeasach?
17 A ne nach dtuigthísi fósm giodh bé ní theid a sdeach ann sa mbéul, go dtéid se sa mbolg, agus go dteilgthear as sin don chamra é?