21 Agus ar ndul Diósa as sin, do chúaidh sé go leithimlibh Thírus agus Shídon.
22 Agus, féuch, tháinic bean do Chánaan ó na crióchaibh sin, agus do éigh si, ag rádh ris, Déana trócaire oram, a Thighearna, a mhic Daibhí; a tá mhinghean ar na búaidhreadh go mór ó dheamhan.
23 Achd ní thug seisean freagra ar bith uirthe. Agus tangadar a dheisciobail chuige agus do iárradar air, ag rádh, Cuir úainn í; oír a tá sí ag eíghmhe ar ndíaigh.
24 Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé, Niór cureadh misi achd do chum cáorach thighe Israel do chúaidh ar seachrán.
25 Gidheadh tháinic sisi agus do rinne sí sléachdain dó, ag rádh, A Thighearna, foir orum.
26 Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé, Ní coir arán na cloinne do ghlacadh, agus do theilgean chum na ngádhar.
27 Achd a dubhairt sisi, Is fíor sin, a Thighearna: gidheadh fós ithid no coilén cuid don shrúighleach thuiteas ó bhórd a dtíghearnadh féin.