30 Agus do chúadar slúaighte móra chuige, agá rábhadar bacuigh, doill, balbháin, dáoine ciorthuimeacha, agus móran eile, agus do thellgeadar fá chosaibh Iósa íad; agus do shlánaigh sé íad:
31 Ionnas gur ghabh iongantus an slúagh, an tan do chonncadar na balbháin ag labhairt, agus na dáoine ciorthuimeacha slán, na bacaigh ag siobhal, agus a radharc ag na dallaibh: agus tugadar gloír do Dhía Israel.
32 Agus ar ngairm a dheisciobal chuige Diósa, a dubhairt sé, A tá trúaighe agam don tslúagh, oir do fhanadar a nois ré trí lá am fhocair, agus ni bhfuil ní acá do iósaidis: agus ni hail leam a leígean úaim na dtrosgadh, deagla go racháidis a nanbhfainne ar a tslighe.
33 Agus a deirid a dheisciobail ris, Cía a naít as a bhfuigheamáois ar an bhfasach a noireadsin darán, lé a saíseóchamáois a chomhmór do shlúagh?
34 Agus a deir Iósa ríusan, Gá mhéad arán a tá agaibh? Agus a dubhradarsan, A seachd, agus beagan diásgaibh beaga.
35 Agus do aithin seisean do tslúagh suidhe siós ar an dtalamh.
36 Agus ar nglacadh na seachd narán agus na níasgsin dó, ag tabhairt buidheachais, do bhris sé íad, agus thug sé dhá dheisciobluibh, agus tugadar na deisciobail don tslúagh íad.