6 Agus ni onórfuidh sé a athair nó a mhaithair. Agus mar sin do chuireabhair a neimhbhrigh aithne Dé tré bhur ngnáthughadh féin.
7 A luchd an fhúarchrábhaidh, is maith do rinne Esaías fáigheadóireachd bhur dtimcheall, ag rádh,
8 Druididh an pubalsa leamsa lé na mbéul, agus onóruighid me lé na bpusuibh; achd cheana is fada úaim atá a gcroidhe.
9 Achd is a ndíomháineas onóruighid said misi, ag teagasg aitheanta na ndáoine mar theagasg.
10 Agus ar ngairm an tslóigh, a dubhairt sé ríu, Eisdigh, agus tuigidh:
11 Ní hé an ní théid a sdeach ann sa mbéul shaluigheas an duine; achd an ní thig as an mbeul, a sé so shaluigheas an duine.
12 Ann sin thangadar a dheisciobuil, agus a dubhadar ris, A né nach dtuigeann tú go bhfúaradar na Pharisínigh do chúala an glórsa, oilbhéim ann?