1 Agus ag teachd do na Pharisineachaibh agus do na Sadduichíneachuibh, a cur cathuighthe air do iárradar air comhartha do thaisbéanadh ó neamh dhóibh.
2 Agus ar bhfreaga dhósan a dubhairt sé ríu, An tráth thig deireadh an láoi, a deartháoi, Bíaidh sé na shoininn: óir a tá an taiér dearg.
3 Agus ar maidin, bíaidh drochaimsear ann a níu: oír a tá an taier ag deargadh agus ag dorchughadh. A luchd an fhúarchrábhaigh, is éol dáoibh gnúis a naier do bhreathnughadh; achd a né nach édir libh comharthuidhe na naimsearach do thuigsin?
4 Iárraidh an droichchineadh adhaltrannach comhartha; agus ní tiobharthar comhartha dhó, achd comhartha Iónás an fáidh, agus ar ndealughadh ríu, do imthigh sé.
5 Agus an tráth thangadar a dheisciobail a dtir ann sa phort thall, do dhearmadar arán do bhreith léo.