11 Cionnas nach ttuigthí nach a dtimcheall aráin a dubhairt mé ribh, bhur naire do thabhairt dháoibh ar laibhin na Bhphairisíneach, agus na Saduichineach?
12 Ann sin do thuigiodar cionnas nach díarradh orra aire do thabhairt dóibh ar loibhín an aráin, achd ar theagasc na Bhphairisineach, agus na Saduichineach.
13 Agus ar dteachd Diósa go críochaibh Shesárea Philippí, do fhíafruidh sé dá dheisciobluibh, ag rádh, Créd a deir na dáoine, cía misi Mac an duine?
14 Agus a dubhradarsan, A deirid cuid dhíobh gur ab tú Eóin Baisde: agus cuid eile, Elías; agus cuid eile, Ieremias, nó áon do na faidhibh.
15 A deir seisean ríu, Achd créd a deir sibhsi cía mé?
16 Agus ar bhfreagra do Shímón Peadar a dubhairt sé, Is tusa Criósd, Mac Dé bhí.
17 Agus ar bhfreagra Diósa an tráthsin a dubhairt sé ris: As beannuighthe thú, a Shímoin mhic Ióna: óir ní féoil ná fuil do fhoillsigh sin duit, achd Mathairsi a tá air neamh.