13 Agus ar dteachd Diósa go críochaibh Shesárea Philippí, do fhíafruidh sé dá dheisciobluibh, ag rádh, Créd a deir na dáoine, cía misi Mac an duine?
14 Agus a dubhradarsan, A deirid cuid dhíobh gur ab tú Eóin Baisde: agus cuid eile, Elías; agus cuid eile, Ieremias, nó áon do na faidhibh.
15 A deir seisean ríu, Achd créd a deir sibhsi cía mé?
16 Agus ar bhfreagra do Shímón Peadar a dubhairt sé, Is tusa Criósd, Mac Dé bhí.
17 Agus ar bhfreagra Diósa an tráthsin a dubhairt sé ris: As beannuighthe thú, a Shímoin mhic Ióna: óir ní féoil ná fuil do fhoillsigh sin duit, achd Mathairsi a tá air neamh.
18 Agus a deirimsi riot, Gur ab tusa Peadar, agus gur ab ar an gcarruicsi thóigeabhus misi méagluis féin; agus nach béaruid geatuidhe ifeirn búaidh uirrthe.
19 Agus do bhéara me dhuit eochracha na ríoghachda neamhdha: agus giodh bé ní cheingéolus tú ar talamh biáidh sé ceanguilte ar neamh: agus giodh bé ní sgáoilfeas tú ar talamh, biáidh sé sgáoilte ar neamh.