22 Achd do ghabh Peadar é, agus do thionnsgain sé achmhusan do thabhairt dó, ag rádh, A bhfad uaidse sin, a Thighearna: ní theigeomha so dhuitse.
23 Achd ar gcasadh dhósan, a dubhairt sé ré Peadar, Imthigh am dhiaigh, a Shátain: is scannail dhamh thú: oir ní thuigeann tú na neithe bheanas ré Diá, achd na neithe bheanas ré dáoinibh.
24 A dubhairt Iósa an tansin ré na dheisciobluibh, Más áill le neach teachd am dhiaghsi, díultadh sé dhó fein, agus tóghadh sé a chros, agus leanadh se misi.
25 Oír gidh bé neach lé nab mían a anam féin do chumhdach caillfidh sé é: agus gidh bé neach chaillfeas a anam arm o shonsa do gheabha sé é.
26 Oír créd é a tharbha do dhuine, da ngnodhuigheadh sé an domhan uile, agus a anam féin do leígean a mugha? No créd í an mhalairt do bheuradh duine ar son anma féin.
27 Oír tiocfuidh Mac an duine a nglóir a Athar féin maille lé na ainglibh; agus do bhéara sé an tráthsin dá gach neach do réir a ghniomhartha.
28 Go fírinneach a deirimsi ribh, Go bhfuil cuid do luchd a tá na seasamh ann so, nach blaisfidh bás, no go bhfaicid Mac an duine ag teachd ann a rioghachd féin.