1 Agus a gcionn sé lá beiridh Iósa Peadar, agus Séumas, agus Eóin a dhearbhráthair, agus tréoruighidh sé íad ar leith go slíabh árd,
2 Agus do háthruigheadh a chruth an a bhfiadnuisi: agus do dheallruigh a aghuidh mar an ngréin, agus do rinneadh a éuduighe geal mar an solas.
3 Agus, féuch, do taidhbhrigheadh dhóibh Máoise, agus Elías, a ccomhrádh ris.
4 Agus ar bhfreagra do Pheadar, a dubhairt sé ré Híosa, A Thighearna, is maith dhúinn bheith ann so: mas áil leachd, déanam trí botha ann so; both dhuitsi, both so Mháoisi, agus both Delías.
5 Suil do sguir seisean do labhairt, féuch, do theilg néull soillseach sgáile orrtha: agus feuch táinic guth as an néull, ag rádh, Ag so an Mac grádhach úd agamsa, an a bhfuil mo thoil mhaithe; Eisdigh ris.
6 Agus an tráth do chúaladar na deisgiobuil so, do thuiteadar air a naghuidh, agus do ghabh eagla romhór íad.
7 Agus ar dteachd Diósa do bhean sé ríu, agus a dubhairt sé, Eirghidh, agus na bíodh eagla oruibh.