17 Agus ar bhfreagra Diosa a dubhairt sé, A chineadh dótheaguisg gan chreideamh, gá fad fós bhías mé bhur bhfochair? gá fad fos fhuiléongas mé sibh? tabhruidh chugamsa ann so é.
18 Agus do spreag Iósa an deamhan; agus do imthigh sé as: agus do bhí an leanabh slán ó núairsin a mach.
19 Ar dteachd do na deisciobluibh chum Iósa an tráthsin fa leith, a dubhradar, Créd é an fáth nach ar fhéadamáirne súd do theilgean a mách?
20 Agus a dubhairt Iósa riú, Ar son bhur míchreidimh: oir a deirim ribh go fírinneach, Dá mbeith oiread re gráinne musdaird do chreideamh agaibh, a déartháoi ris an slíabh so, Athruigh as so ann súd a nunn; agus athrrochuidh sé; agus ní bhía ní ar bith nach budh éidir libh.
21 Achd cheana ni théid an sort deamhanso a mach achd lé hurnuighthe agus le trosgadh.
22 Agus ar ndéanamh comhnuighe ann sa Ghalilé dhóibh, a dubhairt Iósa ríu, Do bhéarthar Mac an duine a láimhaibh na ndáoine:
23 Agus muirfid síad é, achd an treas lá eírochaidh sé arís. Agus do ghabh dobhrón romhór íadsan.