20 Agus a dubhairt Iósa riú, Ar son bhur míchreidimh: oir a deirim ribh go fírinneach, Dá mbeith oiread re gráinne musdaird do chreideamh agaibh, a déartháoi ris an slíabh so, Athruigh as so ann súd a nunn; agus athrrochuidh sé; agus ní bhía ní ar bith nach budh éidir libh.
21 Achd cheana ni théid an sort deamhanso a mach achd lé hurnuighthe agus le trosgadh.
22 Agus ar ndéanamh comhnuighe ann sa Ghalilé dhóibh, a dubhairt Iósa ríu, Do bhéarthar Mac an duine a láimhaibh na ndáoine:
23 Agus muirfid síad é, achd an treas lá eírochaidh sé arís. Agus do ghabh dobhrón romhór íadsan.
24 Agus ar dteachd dhóibh go Capernáum, tangadar luchd na cióschána do ghlacadh go Peadar, agus a dubhradar, Nach íocann bhur maighisdirsi an cióscháin?
25 A deir seisean, Iócuidh. Agus an tráth do chúaidh sé a sdeach don tigh, do labhair Iósa risean ar tús, ag rádh, Créd í do bharamhuilsi, a Shímóin? cía ar a dtógbhuid ríghthe na talman cios nó cánáchas? an ó ná gcloinn féin, nó ó choimhthighe?
26 A deir Peadar ris, O choimhthighe. A dubhairt Iósa ris, Ar a nadhbharsin atáid an chlann sáor.