10 Tabhruidh dá bhur naire nach dtabhartháoi tarcuisne air éinneach don mhuinntir bhigsi; oír a deirim ribh, Go bhfaicid a naingilsion aír neamh do ghnáth aghaidh Mhatharsa a tá ar neamh.
11 Oír táinic Mac an duine do shabháil an neither do chúaidh a mugha.
12 Créd do chithear dháoibh? Dá mbeith céad cáora ag áonduíne, agus go rachadh áoncháora dhíobh ar seachrán, a né nach bhfúigeadh sé na náoi gcáoiridh déag agus ceithre fichid, agus nach rachadh sé ar na sléibhthidh, diárruidh na cáorach do chúaidh air seachrán?
13 Agus ma theagmhan go bhfaghann sé í, a deirmsi ribh go fírinneach, gur ab mó a lúathgháir tríthe, ná ar son na náoi gcáorach ndeg agus cheithre fichid nach deachuidh ar seachrán.
14 Mar an gcéadna ní hí toil bhur Natharsa a tá ar neamh, go rachadh éinneach do na dáoinibh a mugha.
15 Achd ma pheacuigheann do dhearbhrathair ad aghuidh, imthigh agus spreag é eadrad féin agus é féin amhain: agus má éisteann sé riot, do ghnodhuigh tú do dhearbhráthair.
16 Agus muna éisde sé riot, beir leachd fós duine no días eile, do chum go mbíodh gach éinní seasmhach a mbéul deisi no triur dfíadhnuisibh.