17 Agus ma dhíultann sé iádsan déisdeachd, innis do neagluis: agus ma dhíultann sé a neagluis déisdeachd, bíodh meas pagánuigh agus puibliocáin agad air.
18 Go firinneach deirimsi ribh, Gidh bé ar bith neither cheangóltáoi ar talamh biáidh síad ceangailte ar neamh: agus gidh bé ar bith neither sgáoilfidhe ar talamh bíaidh sgáoilt ar neamh:
19 A rís a deirim ribh, Má theagmhann días agaibh ar áon fhocal ar talamh a dtimcheall gach uile ní íarruid síad, go bhfuighid síad é ó Mathairse a tá ar neamh.
20 Oir gidh be aít ann a bhfuilid días nó tríur ar ná gcruinneaghadh am ainmsi, a táimsí ann sin ann a lár súd.
21 Ar ndul do Pheadar na ionnsaidh an tráth sin, a dubhairt sé, A Thighearna, gá a mhioncachd do dheana mo dhearbhráthair coir a maghaidh, agus mhaithfeas mé dhó? an go nuige an seachdmhadh húair?
22 A deir Iósa ris, Ni abruim riot, Gus an seachdmhadh húair a mháin: achd, Go soithe seachdmhoghad seachd nuáire.
23 Ar a nadhbharsin is cosmhuil ríoghachd neimhe ré rí aírighthe, lér bháill cúntas do dhéanamh ré na shearbhfoghantuidhibh.