19 A rís a deirim ribh, Má theagmhann días agaibh ar áon fhocal ar talamh a dtimcheall gach uile ní íarruid síad, go bhfuighid síad é ó Mathairse a tá ar neamh.
20 Oir gidh be aít ann a bhfuilid días nó tríur ar ná gcruinneaghadh am ainmsi, a táimsí ann sin ann a lár súd.
21 Ar ndul do Pheadar na ionnsaidh an tráth sin, a dubhairt sé, A Thighearna, gá a mhioncachd do dheana mo dhearbhráthair coir a maghaidh, agus mhaithfeas mé dhó? an go nuige an seachdmhadh húair?
22 A deir Iósa ris, Ni abruim riot, Gus an seachdmhadh húair a mháin: achd, Go soithe seachdmhoghad seachd nuáire.
23 Ar a nadhbharsin is cosmhuil ríoghachd neimhe ré rí aírighthe, lér bháill cúntas do dhéanamh ré na shearbhfoghantuidhibh.
24 Agus an tráth dó thíonnsgain sé cúntas do dhéanamh, tugadh chuige neach, dár dhligh sé deich mile talann.
25 Agus an tan nar bhéidir leis na fiáchaso ióc, do aithin a thighearna é féin agus a bhean, agus a chlann, agus a raibh aige, do reic, do chum na bhfíach do dhíol.