2 Agus ar ngairm léinibh bhig chuige Diósa, do chuir sé an a lársan é.
3 Agus a dubhairt sé, Go fírinneach a deirim ribh, Muna bfhilltí, agus muna mbeithí mar leanbána, nach rachdaoi a sdeach do rioghach neamhdha.
4 Ar a nadhbharsin giodh bé ísléochus é féin mar an leanbanso, a sé sin is mó á rioghachd neimhe.
5 Agus gidh bé neach gheabhus chuige énleanbán da leithid so am ainmsi gabhuidh sé misi chuige.
6 Agus gidh bé neach bhéaras oilbhéim déinneach don mhuinntir bhigsi chreideas ionnamsa, do bfearr dhó cloch mhuilinn do chrochadh fan a mhuinél, agus a bháthadh a ndubhaigén na fairge.
7 Is mairgneach don domhan ar son oilbheimeann! oir is éigin do na hoilbhéimeannaibh teachd; achd cheana is anáoibhin do duine tré a dtig an toilbhéim!
8 Achd má bheir do lámh no do chos adhbhar oilbhéime dhuit, gearr dhiót, agus teilg uaít íad: is fear dhuit dul a sdeach do bheathaidh bacach díbhallach, ná dhá láimh agus dhá chois do bheíth agad agus do theilgean ann sa teinidh shiórruidhe.