29 Agus ag tuitim da chomhshearbhfhoghantuidhe agá chosuibhsean, do ghuidh sé é, ag rádh, Deana foighid riom, agus do bhéara mé an tiomlan duit.
30 Achd nior bháill leisean sin: achd ar nimtheachd dó do theilg sé a bpriosún é, no go niocadh sé na fíacha.
31 Agus an trath do chonncadar a choimhshearbhfhoghantuidhesion ne neither do rinneadh, do ghabh doilgheas romhór íad, agus thangadar agus do fhoillsigheadar dá dtighearna gach ní dá ndearnadh ann.
32 Annsin do chuir a thighearna fios airsean, agus a deir sé ris, A dhroichshearbhfhoghantuidh, do mhaith mé na fíacha úd uile dhuit, do bhrígh gur chuir tú impidhe oram:
33 Agus a né nar choir dhuitsi trócaire do déanamh ar do choimhshearbhfhoghantuidh féin, amhail agus mar do rinne misi trócaire ortsa?
34 Agus ar ngabháil féirge a thighearna, thug sé do na céasadóiribh é, no go niócadh sé a fhíacha uile ris.
35 Agus is mar sin do dhéana Máthair neamhdhasa ribhsi, muna maithfe gach áonduine agaibh da dhearbhrathair ó bhur gcroidhthibh a gcionnta.