22 Agus an tráth dó chúaluidh an tógánach an comhradhsin, do imthigh sé go dobhrónach: oír do bhí iomad saidbhris aige.
23 Agus a dubhairt Iósa ré na dheisciobluibh, A deirim ribh go fírinneach, gur ab docomhlach rachas duine saidhbhir a steach a ríoghachd neimhe.
24 Agus a rís a deirim ribh, Gur ab usa do chámhall dul tré chró na snáthuide, ná do dhuine shaidhbhir dul a sdeach go flaitheamhnus Dé.
25 Agus ar na chlos so dá dheisciobluibh, do ghabh iongnadh mór íad, ag rádh, Ar a nadhbharsin cía is éidir do shlánughadh?
26 Agus ar bhféachain Diósa orrtha a dubhairt sé ríu, Ní bhfuil so ar chumas do na dáoinibh: achd a tá gach uile ní ar chumas do Dhía
27 Ar bhfreagra do Pheadar an tráthsin, a dubhairt sé ris, Féuch, do thrégeamairna gach uile ní, agus do leanamar thusa; ar a nadhbharsin créd do gheabham?
28 Agus a dubhairt Iósa riu, A deirimsi ribh go deimhin, An tráth shuidhfeas Mac an duine a gcaithír a ghlóire féin, go suidhfidh sibhse, do lean misi ann sa naithgheineamhuin mar an gcéadna ar dhá chaithir dhéag, ag breith breithe ar dhá threibh dhéag Israel.