16 Is mar sin béid na dáoine deighionach air tosach, agus na céad dáoine air deireadh: oir a ta mórán ar na ngairm, agus beagan ar na dtogha.
17 Agus ag dul súas Diosa go Hiárusalém rug sé an dá dheisciobal déag leis fa leith ann sa tsligh, agus a dubhairt sé ríu.
18 Féuch, a támáoid ag dul súas go Hiarusaleim; agus do bhéarthar Mac an duine dúachdaránaibh na sagart agus do na scríobuighibh, agus béaruid síad breath bháis air.
19 Agus do bhéaruid síad do na cineadhachduibh e do chum go ndéindís fonámhad fáoi, agus go sgiursfaidís, agus go grochfaidis é: achd an treas lá éiréochaidh sé a rís.
20 Thainic máthair chlionne Shebedei chuige an tráthsin, maille ré na maca, dá onórughadh, agus ag iárruidh neither áirighe air.
21 Agus a dubhairt seisean ría, Créd í do thoil? A deir sis iris, Abair go suidhfid an diás macso agamsa, aón aca ar do láimh dheis, agus aon eile ar do láimh chlé, ad rioghachd.
22 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt, Ni bhfuil a fhios agaibh créd iárrtháoi. A neidir libh an cupán íobhas misi dól, agus bhur mbaisdeadh leis an mbaisdeadh le a mbaisdear misi? A dubhradarsan ris, Is éidir.