21 Agus a dubhairt seisean ría, Créd í do thoil? A deir sis iris, Abair go suidhfid an diás macso agamsa, aón aca ar do láimh dheis, agus aon eile ar do láimh chlé, ad rioghachd.
22 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt, Ni bhfuil a fhios agaibh créd iárrtháoi. A neidir libh an cupán íobhas misi dól, agus bhur mbaisdeadh leis an mbaisdeadh le a mbaisdear misi? A dubhradarsan ris, Is éidir.
23 Agus a deir seisean riu, Iobhtháoi go deimhin dom chupánsa, agus baisdfidhthear sibh leis an mbaisdeadh lé a mbaisdear misi: achd suighe ar mo láimh dheis, agus chlé, ní leamsa a thabhairt, achd bheirar don dreim dá bhfuil sé ar na ullmhughadh ó Mathair.
24 Agus an tráth do chúaladar an deichneabhar eile so, do bhí neimhchion aca ar an días dearbhráthar.
25 Agus ar na ngairm chuige Diósa, a dubhairt sé, Atá a fhios agaibh go bhfuil úachdaránachd agá dtighearnuibh ar na Cineadhachaibh, agus go bhfuilid na dáoine móra trén orrtha.
26 Gidheadh ní mar sin bhías sé eadruibhsi: achd giodh bé neach lé madh mían bheith mór eadruibh, bíodh sé na sheirbhiseach agaibh;
27 Agus giodh bé neach lé nab áill bheith na úachdarán éadruibh, bíodh sé na shearbhfoghantuidhe agaibh: