24 Agus an tráth do chúaladar an deichneabhar eile so, do bhí neimhchion aca ar an días dearbhráthar.
25 Agus ar na ngairm chuige Diósa, a dubhairt sé, Atá a fhios agaibh go bhfuil úachdaránachd agá dtighearnuibh ar na Cineadhachaibh, agus go bhfuilid na dáoine móra trén orrtha.
26 Gidheadh ní mar sin bhías sé eadruibhsi: achd giodh bé neach lé madh mían bheith mór eadruibh, bíodh sé na sheirbhiseach agaibh;
27 Agus giodh bé neach lé nab áill bheith na úachdarán éadruibh, bíodh sé na shearbhfoghantuidhe agaibh:
28 Amháil as nach dtáinic Mac an duine do chum go ndéantáoi seirbhís dhó, achd do dhéanamh seirbhísi, agus do thabhairt anma féin mar éiric ar son mhóráin.
29 Ar ndul a mach dhóibh an tráthsin as Iericó, dó lean slúagh mór éisean.
30 Agus, féuch, días do dháoinibh dalla do bhí na suidhe chois na slighe, an tráth do chúaladar go ráibh Iósa ag gabhail thársa, do éighmheadar, ag radh, Déana trócaire oruinu, a Thighearna, a Mhic Dhábhí.