5 A rís ar nimtheachd a mach dhó timcheall an seiseadh agus an náomhadh húair, do rinne sé mar an gcéadna.
6 Agus ar ndul a mach dhó a dtimcheall an áonmhadh húair déag, fúair sé dream eile na seasamh díomháoineach, agus a deir sé ríu, Créad fá bhfuiltísi bhur seasamh an so feadh an láoi díomháoineach?
7 A deirid siádsan ris, Ar son nar chongaimh duine ar bith ar túarasdal sinn. A deir seisean ríu, Imthighsi mar an gcéadna don fhíneamhain; agus gidh bé ní bhus coir do gheúbhtháoi é.
8 Agus ar dteachd don tráth nóna, a deir tighearna na fíneamhna ré na sdíobhard, Goir an luchd oibre, agus tabhair dhóibh a dtúarasdal, ag tosughadh ón luchd tháinic fa dheireadh, go soithe na céaddáoine.
9 Agus ar dteachd don druing úd tháinic a dtimcheall an áonmhadh húair déag, fúair gach duine dhióbh phighinn.
10 Agus ar dteachd don chéid dreim do sháoileadar go bhfuighedis féin ní budh mhó; ahd cheana fúair gach áon díobh, mar an gcéadna, pighinn.
11 Agus ar na ghlacadh dhóibh, do rinneadar monabhar a naghuidh fhir mhaith an tighe,