8 Agus ar dteachd don tráth nóna, a deir tighearna na fíneamhna ré na sdíobhard, Goir an luchd oibre, agus tabhair dhóibh a dtúarasdal, ag tosughadh ón luchd tháinic fa dheireadh, go soithe na céaddáoine.
9 Agus ar dteachd don druing úd tháinic a dtimcheall an áonmhadh húair déag, fúair gach duine dhióbh phighinn.
10 Agus ar dteachd don chéid dreim do sháoileadar go bhfuighedis féin ní budh mhó; ahd cheana fúair gach áon díobh, mar an gcéadna, pighinn.
11 Agus ar na ghlacadh dhóibh, do rinneadar monabhar a naghuidh fhir mhaith an tighe,
12 Ag rádh, An dreamso tháinic fa dheireadh ni dhearnadar obair achd áonúair a mháin, agus do chuirisi íad a gcoimhmheas rinne, diomchuir muiridhin agus teasbhach an láoi.
13 Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé ré fear dhíobh, A chompánuigh, ní bhfuilim ag déanamh éagcóra ortsa: a né nár réidhigh tú ríom ar phighinn?
14 Tógaibh leachd do chuid féin, agus imthigh: a si mo thoilsi a thabhairt don tési tháinic fa dheireadh, mar thug mé dhuitsi.