17 Agus ar na bhfágbháil, do chúaidh sé amach as an gcathraigh go Betánia; agus do fhan sé ann sin.
18 Agus ag filleadh dhó chum na cathrach ar maidin, do ghabh ocarus é.
19 Agus a núair do chonnairc sé crann fige ar a tslighm táinic sé chuige, agus ní fhúair sé ní ar bith air, achd duilleabhar a mháin, agus a deir sé ris, Nar fhása toradh ó so amach go bráth ort, Agus chrión an crann fíge ar an mballsin.
20 Agus ar na fhaicsin do na deisciobluibh, do ghabh iongantus íad, ag rádh, Cionnus do mheath an crann fige ar an mball!
21 Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé riu, A deirim ribh go firinneach, Má bhíonn creideamh agaibh, agus nach ccuirfithí cunntabhairt ann, ni hé a mháin a nísi thárla don chrann fíge do dhéantháoi, achd mar an gcéadna má a deartháoi ris an tslíabhso, Tógthar thú, agus teilgthear ann sa bhfairge thú; bíaidh sin deanta.
22 Agus gidh bé ar bith neither, iárrfuidhthe an bhur nurnuighe má chreidtí, do gheabhtháoi íad.
23 Agus an tráth tháinic sé don teampoll, tangadar úachdaráin na sagart agus sinnsear phobuil chuige agus é ag teagasg, ag rádh ris, Créd é an tughdarrás ré a ndéanann tusa na neithesi? agus cía thug na cumhachdasa dhuit?