21 Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé riu, A deirim ribh go firinneach, Má bhíonn creideamh agaibh, agus nach ccuirfithí cunntabhairt ann, ni hé a mháin a nísi thárla don chrann fíge do dhéantháoi, achd mar an gcéadna má a deartháoi ris an tslíabhso, Tógthar thú, agus teilgthear ann sa bhfairge thú; bíaidh sin deanta.
22 Agus gidh bé ar bith neither, iárrfuidhthe an bhur nurnuighe má chreidtí, do gheabhtháoi íad.
23 Agus an tráth tháinic sé don teampoll, tangadar úachdaráin na sagart agus sinnsear phobuil chuige agus é ag teagasg, ag rádh ris, Créd é an tughdarrás ré a ndéanann tusa na neithesi? agus cía thug na cumhachdasa dhuit?
24 Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé ríu, Fíafróchuidh misi mar an gcéadna dhíbhsi ní aírighthe, agus dá ninnisdi dhamh é, innéosuidh misi dháoibhsi mar an gcéadna cía an tughdarás ré a ndéanuim na neithesi.
25 Ga háith as, a dtaínic baisdeadh Eóin? ó neamh, no ó dháoinibh? Achd do smuaineadarsan ionnta féin, ag rádh, Má deirmíd, O neamh; a déara sé rinn, Ar a nadhbharsin créd fa nar chreideabhairse dho?
26 Agus má deirmid, O dháoinibh; a tá eagla an phobail oruinn; óir atá meas fáidhe ag gach uile dhuine ar Eoin.
27 Agus ag tabhair freagara ar Iósa, a dubhrádar, Ní bhfuil a fhios aguinn. Agus a dubhairt seisean ríu, Ní mó innéosadsa dháoibhse cía an túghdarrás ré a ndéanuim na neithesi.