25 Ga háith as, a dtaínic baisdeadh Eóin? ó neamh, no ó dháoinibh? Achd do smuaineadarsan ionnta féin, ag rádh, Má deirmíd, O neamh; a déara sé rinn, Ar a nadhbharsin créd fa nar chreideabhairse dho?
26 Agus má deirmid, O dháoinibh; a tá eagla an phobail oruinn; óir atá meas fáidhe ag gach uile dhuine ar Eoin.
27 Agus ag tabhair freagara ar Iósa, a dubhrádar, Ní bhfuil a fhios aguinn. Agus a dubhairt seisean ríu, Ní mó innéosadsa dháoibhse cía an túghdarrás ré a ndéanuim na neithesi.
28 Achd créd do cíthear dháoibhsi? Do bhádar días mac ag duine aírighe; agus ag teachd dionnsuighe an chédmhic, a dubhairt sé, A mhic, imthigh déana obair a niu am fhineamhain.
29 Ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé Ní dhéanad: achd na dhiáigh sin an tráth do ghabh aithreachas é, do imdhigh sé.
30 Agus ag teachd gus an dara mac, a dubhairt sé mar an gcéadna. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, Do dhéan, a tighearna: gidheadh niór imthigh sé.
31 Cía don dísse do rinne toil a athar? A deiridsean ris, An céadfhear. A deir Iósa ríusan, A deirimse ribh go fírrinneach, Go dtéid na publicáin agus na sdríopacha romhaibhsi go flaitheas Dé.