32 Oír tháinic Eóin chugaibh a slighe na córa, agus niór chreideabhair dhó: achd do chreideadar na puiblicain agus na sdríopacha dhó: achd gé do chonncabhairsi so, ní dhearnabhair aithrighe na dhíaigh sin, do chum go gcreidfeadh sibh dhó.
33 Eísdigh ré cosamhlachd eile: Do bhí fear tighe áirighthe ann, do chuir fíneamhuin, agus do chuir sé fál na timcheall, agus do thochail sé ionad brúighte an fhiona innte, agus do thogaibh sé tor, agus tug sé do sgológaibh ar chiós í, agus do imthidh sé féin a gcoigcrích:
34 Agus an tráth do dhruid aimsear na dtórtha riu, do chuir sé a sheabhfhoghantuidhe chum na sgológ, do ghlacadh na dtórtha.
35 Agus rugadar na sgológa ar a shearbhfoghantuidhibh, agus do ghabhadar ar fhear dhióbh, agus do mharbhadar fear eile, agus do ghabhadar do chlochaibh ar fhear eile.
36 A ris, do chuir sé searbhfhoghantuidhe eile úadh búdh lía na an chéadchuideachda: agus do rineardarsan mar an gcéadna ríu.
37 Agus fa dheireadh do chuir sé a mhac féin chuca, ag rádh, Do bhéaruid sías onóir dom mhac.
38 Agus ar bhfaicsin an mhic do ba sgológaibh, a dubhradar eatorra féin, A sé so an toíghre; tigidh, marbham é, agus congbham a oidhreachd.