25 Agus do bhádar móirsheisear dearbhráthar eadrainne: agus tar éis mná do thabhairt don chéad duine, fúair sé bás, agus an tan nach raibh sliochd aige, do fhágaibh sé a bhean agá dhearbhráthair:
26 Agus déirghe mar an gcéadna don dara, agus don treas dearbhráthair, go soithe an seachdmhadh dearbhráthair.
27 Agus na ndiáigh úile fúair an bhean bás.
28 Ar a nadhbharsin ann sa neiséirghe, cía don mhóirsheisear da madh bean í? óir do bhí sí aca uile.
29 Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé ríu, A tá sibh ar seachrán, gan éolus na sgrioptúr, na chúmhachd Dé agaibh.
30 Oír ann sa neiséirghe ní thabhruid fir mná, agus ní tugthar mná dfearaibh, achd a táid síad mar ainglibh Dé ar neamh.
31 Achd a né nach ar léaghabhair an ní a dubhairt Día ribh, a dtimcheall eiséirghe ná marbh, ag rádh,