38 A sí so an chéad aithne, agus a naithne mhór.
39 Agus is cosmhuil an dara háithne ría so, Gráidheóchuidh tú do chomharsa mar thú féin.
40 Is ann sa dá aithnese atá suim an dlighe, agus na bhfáidheadh.
41 Agus an tan do bhádar na Pharisinigh cruinn a bhfochair a cheile, do fhíafruidh Iósa dhíobh,
42 Ag rádh, Créd do chithear dhíbhse a dtimcheall Chriósd? cía dár mhac é? A deiridsean ris, Mac Dháibhí.
43 A deir seisean ríu, Ma seadh cionnas ghoireas Daibhí san spioruid Tighearna dhe, ag rádh,
44 A dubhairt an TIGHEARNA rém Thighearna sa, Suidh ar mo láimh dheis, no go gcuire mé do náimhde na sdol fád chosuibh?