4 A rís, do chuir sé shearbhfhoghantuidhe eile chuca, da rádh, Abruighsi ris an mhuinntir úd dár tugadh cuireadh, Féuch, do ullmhuigh mé mó dhínnéir; á táid mo dhaimh agus mainmhinntighe bíadhta ar na marbhadh, agus a tá gach uile ní ullamh: tigidh chum na bainnse.
5 Achd tugadarsan faillighe an so, agus do imthigheadar, fear dhíobh dá fhearann féin, agus fear eile chum a cheannuigheachda:
6 Agus rugadar an chuid eile dhíobh ar a shearbhfhoghantuidhibhsean, agus tugadar easonóir dhóibh, agus do mharbhadar íad.
7 Agus an tan do chúalaidh an rí so, do ghabh fearg e: agus ar gcur a shlúaghthe úadh, do sgrios sé an luchd dúnmharbhtha úd, agus do loisg sé a gcathair.
8 A deir sé an tansin ré na shearbhfhoghantuíghibh, Go fírinneach a tá an bhannis ullamh, gidheadh an dream fúair an cuireadh niór bhfiú iád é.
9 Ar a nadhbharsin imdhighsi a gcomhrac na ród, agus gidh bé ar bith dáoine do gheabhtháoí ann, goiridh chum na bainnse íad.
10 Agus ar ndul a mach do na searbhfhoghantuídhibh ar na slighthibh, do chruinnigheadar gach uile dhuine da bhfuáradar, eidir olc agus maith: agus do líonadh teagh na bainnsé do aóidheadhibh do shuidh chum bídh.