41 Agus an tan do bhádar na Pharisinigh cruinn a bhfochair a cheile, do fhíafruidh Iósa dhíobh,
42 Ag rádh, Créd do chithear dhíbhse a dtimcheall Chriósd? cía dár mhac é? A deiridsean ris, Mac Dháibhí.
43 A deir seisean ríu, Ma seadh cionnas ghoireas Daibhí san spioruid Tighearna dhe, ag rádh,
44 A dubhairt an TIGHEARNA rém Thighearna sa, Suidh ar mo láimh dheis, no go gcuire mé do náimhde na sdol fád chosuibh?
45 Ar a nadhbharsin ma ghoireann Dáibhí Tighearna dhe, cionnas a tá sé na mhac aige?
46 Agus níor bhéidir lé háonnduine freagra ar bith do thabhairt air, agus níor lamh éinneach ón lásin suás ní ar bith dfíafruighe dhe.