22 Agus gidh bé neach do bheir neamh mar mhionna do bheir sé caithír Dé, agus an tí a tá na shuidhe uirrthe mar mhionna.
23 As anáoibhinn dáoibh a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhaidh! oír gabhtháoi deachmhuidh an mhionntais agus na hainíse agus an choimin, agus leigthí tharuibh an chuid is tábhachduigh don dligheadh, comhthrom, agus trocaire, agus firinne: do budh coir dháoibh íad so do dhéanamh, agus gán íad súd dfágbháil gan déanamh.
24 A threoruighthe dall, sgagus an mhíoltóg, agus shluigeas an cámhall.
25 As anáoibhinn dáoibh, a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhaidh! oír glantáoi an chuid a muigh do chupán agus do mhéis, achd a táid síad táobh a sdigh lán do shracaireachd agus déagcóir.
26 A Bhphairisínigh dhoíll, glan ar tús an chuid a sdigh don chupan agus don mhéis, do chum go mbiadh an táobh a muigh dhíobh glan mar an gcéadna.
27 Is anáoibhinn dáoibh a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhuarchrabhuidh! oír is cosmhuil sibh ré túamidhibh geala a tá deaghmhaiseach don taóbh a muich, agus a tá a sdígh lán do chnámhaibh dáoine marbh, agus dá gach uile shalchar.
28 Is mar an gcéadna a tátháoisi leith a muich a bhfíadhnuisi na ndáoine bhar bhfíreanchuibh, achd don táobh a sdigh a tátháoi lán dfúarchrábhadh agus déagcoir.