22 Agus muna ngearruighthi na laéthe úd, ní rachadh féoil ar bith as: achd gearrfuighthear na laéthe úd ar son na ndáoine toghtha.
23 Ann sin ma deir áonduine ribh, Féuch, a tá Críosd ann so, nó ann súd; ná creididh é.
24 Oír eiréochuidh Críosdanna fallsa, agus fáidh fallsa, agus do dheánuid comharthuidhe agus miorbhuile móra; ionnas go meallfuid síad (da madh éidir é) na dáoine toghtha féin.
25 Féuch, tug mé sgéula dháoibh roimhe a naimsir.
26 Ar a nadhbharsin dá nabruid síad ribh, Féuch, a tá sé san bhfásach; na himdhigh amach: Féuch, atá sé a seómruidhibh úaigneacha; na creididh sin.
27 Oír do réir mar thig téinnteach ó a náird shoir, agus do cíthear í go soithe a náird shoir, agus do cíthear í go soithe a náird shíar; mar sin bhías teachd Mhic an duine.
28 Oír gidh bé ball ann a mbía an conablachd, is ann sin chruineochthar na hioluir.