3 Agus ar suighe dhó ar shlíabh na noluidheadh, do chúadar a dheisciobuil chuige go priobháideach, ag rádh, Innis dúinne, gá húair thiocfuid na neithesí chum criche, agus créd é comhartha do theachdasa, agus dheiridh an tsáoghail?
4 Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé riu, Tabhruidh dá bhar naire nach meallfa eín neach sibh.
5 Oír tiocfuid móran am mainmsi, ag rádh, Is misi Criósd; agus meallfuid mórán.
6 Do chluinfithí cogthuidh agus túarasgbháil cogthadh: tabhruidh dá bhur naire gan búaidhreadh do bheith oruibh: oír is éigin na neithesi uile do theachd chum críche, achd ní bhfuil deireadhann fós.
7 Oir éiréochuidh cineadh a naghaidh ríoghachda: agus beíd górta, agus pláighean na, agus crioth talmhan, a móran dáitibh.
8 Achd ní bhfuil ionnta so uile achd, tosach amhgar.
9 Ann sin do bhéaruid síad sibhsi dá bhur gcéasadh, agus muirfid sibh: agus bíadh fúath ag na huile chíneadhachuibh dháoibh ar son manmasa.