32 Agus foghlomuidh cosamhlachd ón chrann fíge; A núair bhíos a ghéagmáoth, agus fhásas a dhuilleabhair, áitheantar gur ab fogas an samhradh:
33 Mar an gcéadna bíth a fhios agaibhsi, an tráth do chífidhe na neithisi uile, go bhfuil sé a ngar dháoibh, ann sna doirsibh.
34 A deirim ribh go firinneach, Nach racha an dínesi thoruinn nó go ndéantar na neithe si uile.
35 Rachuidh neamh agus talamh thort, achd ní rachuid mo bhríathrasa thort go bráth.
36 Achd ni bhfuil fios an láoi ná na húaire úd ag duine ar bith, ná fós, ag ainglibh neimhe, ach dag Mathairse amháin.
37 Agus amhuil laéthe Náoi, is mar sin bhías teachd Mhic an duine.
38 Oír mar do bhádar ann sna laéthibh ré udílínn ag ithe agus ag ol, ag pósadh ban agus ag tabhair ban dfearuibh, go soithe an lá an a ndeachuidh Naói a sdeach ann sa naírc,