1 Agus ar tteachd na maiden, do chúadar na hárdsagart, agus sinnsir an phobuil uile a ccomhuirle a naghuidh Iósa ionnas go ccuirfidis chum báis é:
2 Agus na cheangal dhóibh, rugadar léo é, agus thugadar do Phóinnsius Piláit an túachdarán é.
3 Ann sin mar do chonnairc Iúdas, do bhraith é, gur damnuigheadh é, do ghabh aithreachas e, agus do aisig sé na deich bpiósa fhithchead airgid do na hárdsasgartuibh agus do na sinnsearuibh,
4 Ag rádh, Do pheacaigh mé ag brath na fola neimhchiontaigh. Achd a dubhradarsan, Créd é sin dúinne? Féuch féin dó sin.
5 Agus ar dteilgean na bpíosadh airgid úadh ann sa teampoll, do dhealuigh sé ríu, agus ar nimtheachd do thochd sé é féin.
6 Achd ar nglacadh an airgid do na hárdsagartuibh, a dubhradar, Ní coir a gcur ann sa chisde, oir is lúach fola iad,
7 Agus ar ndéanamh comhairle dhóibhsean, do cheannchadar léo mach an photadóir, do chum eachdrann dadhlucadh ann.