19 Agus ar suidhe dhósan an a ccaithír bhreitheamhnuis, do chuir a bhean teachduireachd chuige, ag rádh, Ná biodh búain agad ris an bhfiréun úd: óir is mór do fhuiling misi a níugh a mbrionglóid ar a shon.
20 Achd cheana tugadar úachdaráin na sagart agus na sinnsir fá deara don phobal Barabbás diarruigh, agus Iósa do chur chum báis.
21 Agus ar bhfreagra don úachdarán a dubhairt sé ríu, Cía don días úd is mían libh do leígean chugaibh dhamh? Achd a dubhradarsan, Barabbás.
22 A dubhairt Pioláid ríu, Ar an nadhbharsin créd do dhéana mé ré Hiósa, re nabarthar Críosd? a dubhradarsan uile ris, Crochthar é.
23 Agusa dubhait an túachdarán, Créd é, an tolc do rinne se? Achd is móide do éighmheadarsan, ag rádh, Crochthar é.
24 Agus ar bhfaicsin do Phióláid nach raibh tarbha dhó an én ní, achd gur mó an bhuáirt tháinic dhe, ar ngabháil uisge chuige, do ionnail sé a lámha a bhfíadhnuisi an phobail, ag rádh, A táimsi neimhchiontach ó fhuil an fhiréanuigh so: féuchuidhsi dhibh féin.
25 Agus ar bhfreagra don phobak uile, a dubhradar, Biodh a fhuil oruinne, agus air ar gcloinn.