25 Agus ar bhfreagra don phobak uile, a dubhradar, Biodh a fhuil oruinne, agus air ar gcloinn.
26 Do léig sé chuca an tan sin Barabbás: agus ar sgiúrsadh Iósa, tug sé chum a crochda é.
27 Ann sin rugadar saighdiúirí an úachdaráin Iósa léo don hall choitchionn, agus do chruinnigheadar an chuideachda shaighdíur uile na thimcheall.
28 Agus do nochdadar é, agus do chuireadar brat córcra uime.
29 Agus do fhígheadar coroíu spine, agus do chuireadar fá na cheann í, agus slat ghiolcuigh an a láimh dheis: agus do léigeadar ar a nglúinibh na fhiadhnuisi íad, agus do rinneadar fónamhad fáoi, ag rádh, Dia do bheatha, a rí na Niudaigheadh!
30 Agus an tan do ghabhadar do sheilighibh air, do ghlacadar an tslat ghiolcuigh, agus do bhúaileadar an a cheann é.
31 Agus an tan do rinneadar fonámhad fáoi, do bheanadar an róba dhe, agus do chuireadar a éuduighe féin uime, agus rugadar a mach é chum a chrochda.