30 Agus an tan do ghabhadar do sheilighibh air, do ghlacadar an tslat ghiolcuigh, agus do bhúaileadar an a cheann é.
31 Agus an tan do rinneadar fonámhad fáoi, do bheanadar an róba dhe, agus do chuireadar a éuduighe féin uime, agus rugadar a mach é chum a chrochda.
32 Agus ar ndul a mach dhóibh, fúaradar óglach ó Shírene, dar bhaimn Símón: agus do chuireadar dfíachuibh air dul leis do chum a chroiche diomchar.
33 Agus an tan tangadar gus an ionad dar ab ainm Golgótá, (is ionnan sin ré rádh, agus áit na cloigne,)
34 Tugadar bhíneigre agus domblas tri na chéile ré nól dhó: agus an tan do bhláis sé é, níor bháill leis a ól.
35 Agus a ndiáigh a chrochda dhóibh, do roinneadar a éaduighe, ag cur cranchuir orrtha: ionnas go gcomhlíonfuidhe an ní a dubhradh ón fháidh, Do roinneadar méaduighe dhóibh féin, agus do chuireadar crannchar ar mo chúluidh.
36 Agus ar suidhe dhóibh, do choimhéad siad é ann sin;