4 Ag rádh, Do pheacaigh mé ag brath na fola neimhchiontaigh. Achd a dubhradarsan, Créd é sin dúinne? Féuch féin dó sin.
5 Agus ar dteilgean na bpíosadh airgid úadh ann sa teampoll, do dhealuigh sé ríu, agus ar nimtheachd do thochd sé é féin.
6 Achd ar nglacadh an airgid do na hárdsagartuibh, a dubhradar, Ní coir a gcur ann sa chisde, oir is lúach fola iad,
7 Agus ar ndéanamh comhairle dhóibhsean, do cheannchadar léo mach an photadóir, do chum eachdrann dadhlucadh ann.
8 Ar a nadhbharsin goirthear don fhearunn úd, Fearann na fola, gus a niugh.
9 (Ann sin do coimhlíonadh an ní a dubhradh tré Ieremías fáidh, ag rádh, Do ghabhadar chuca na deich nairgid fhithchead, lúach an té do measadh, do bhí ar ná mheas ó chlannuibh Israél;
10 Agus tugadar íad ar mhach an photadóir, mar dórduigh an Tighearna dhamhsa.)