46 Agus timcheall an náomhadh húair do éigh Iósa do ghuth ard, ag rádh, Elí, Elí, lama Sabactáni? sé sin re rádh, Mo Dhía, mo Dhiá, créd far thréig tú mé?
47 Agus ar na chloisdin sin a dubhradar cuid dá raibh na seasamh a láthair an sin, Atá an fearso ag gairm Elías
48 Agus do rith fear dhiobh ar an mball, agus ar nglacadh spuinc, agus ar na lionadh do bhinéigre, agus ar na chur a dtímcheall shlaite ghiolcaigh, tug sé deoch dhó ré nól.
49 Achd a dubhradar an chuid eile, Léig dhó, faiceam an dtiocfa Elías dá sháoradh.
50 Agus ar néigheamh a rís Díosa, do ghuth mhór, do chúaidh a spiorad as.
51 Agus, féuch, do réub brat roinnte an teampoíll na dhá chuid ó úachdar go hióchdar; agus do criothnuigh an talamh agus do sgoilteadar na cairgeach;
52 Agus dosgladar na tuámaidhe; agus déirgheadar morán do chorpuibh na ndáoine náomhtha do bhí na gcodladh,