52 Agus dosgladar na tuámaidhe; agus déirgheadar morán do chorpuibh na ndáoine náomhtha do bhí na gcodladh,
53 Agus ar ndul a mach as na tuámuidhibh dhoibh a ndiaigh a eiséirghesean, do chúadar a sdeach do chathuir náomhtha, agus do fhoillsigheadar íad féin do mhórán.
54 Achd ar bhfaicsin an chreatha talmhon, agus na neitheadh do éirigh ann, don chaptín agus dá raibh na fhochaír, ag coimhéad Iósa, do ghabh eagla mhór íad, ag rádh, Go fírinneach dob é so mac Dé.
55 Agus do bhadar ann sin móran ban ag féachain air a bhfad úadh, no lean Iósa ón Ghalile, ag déanamh seirbhise dhó.
56 Eidir a raibh Muire Mágdalén, agus Muire mathair Sheamuis, agus Iosé, agus mathair chloinne Sebedeí.
57 Achd an tan do bhí deireadh an láoi ann, táinic duine saidhbhir ó Arimatéa, dár bhainm Ióseph, do bhí fós na dheisciobal ag Iósa:
58 Agus do chúaidh sé dionsuighe Phiolaid, agus díarr sé corp Iósa. Ann sin a dubhairt Pioláid an corp do thabhairt do.