62 Agus an lá andíaigh a nullmhuighthe, do chruinnigheadar úachdaráin na sagart agus na Phairisínigh go Píoláid,
63 Ag rádh, A thighearna, is cuimhain linn an tan do bhí an mealltóir úd béo, go ndubhairt sé, Eireóchuidh mé tair éis thrí lá.
64 Ar a nadhbharsin aithin coimhéad do chur ar an ttúama go ceann an treas lá, ar eagla go dtiucfaidis a dheisciobail annsa noidhche, agus go ngoidfidis é, agus gi naibéoradís ris an bpobal, Do éirigh sé ó mharbhuibh: agus bíaidh an seachrán dheigheanach ni is measa ná an chéud seachrán.
65 A dubhairt Pioláit ríu, Atá faire agaibhsi: imthighidh, daingnighidh mar is éol dáoibh féin é.