4 Agus do chriothnuigheadar an luchd coimhéada ar a eaglasan, agus do bhádar a riochd mhairbh.
5 Achd ar bhfreagra do naingeal a dubhairt sé ris na mnáibh, Ná bíodh eagla oruibhsi: óir atá a fhios agam, gur ab é Iósa do crochadh a tátháoi díarruigh.
6 Ní bhfuil sé ann so: óir do eirigh sé, mar a dubhairt sé, Tigidh, féachaidh a náit an a raibh an Tighearna na luighe.
7 Agus ar nimtheachd dáoibh go lúath, innsidh dá dheisciobluibh gur éirigh sé ó mharbhuibh; agus, féuch, atá sé ag dul romhuibh don Ghalilé; do chífidhe ann sin e: féuch, a dubhairt misi ribh é.
8 Agus ar nimtheachd ón túama go deithneasach dhóibh maille ré heagla agus ré gáirdeachus mór; do riothadar dá fhoillsiughadh sin dá dheisciobluibhsion.
9 Agus an tan do imthigheadar do chum go bhfoillséochadis sin dá dheisciobluibhsion, féuch, tárla Iósa orrthá, ag rádh, Día bhur bheathadh dháoibh. Achd tangadarsan, agus rugadar ar a chosaibhsion, agus do onóruigheadar é.
10 A deir Iósa an tansin ríu, Ná bíodh eagla oruibh, imthighidh beiridh sgéula chum mo dhearbhraithreach do chum go rachaidís don Ghalilé, agus do chífid misi ann sin.