2 Agus an tan do throisg sé dá fhíchiot lá agus dá fhichiot oidhche, do ghabh ocras é na dhíaigh sin.
3 Agus air dteachd do náidhbhirséoir chuige, a dubhairt sé, Mas tusa Mac Dé aithin do na clochuibhsi bheith na narán.
4 Achd do fhreagair seisean, agus a dubhairt, Atá sé sgriobhtha, Ní lé harán a mhain mhairfeas duine, achd lé gach uile bhreithir dá dtig ó bhéul Dé.
5 Rug an díabhal leis é an tansin don chathruigh náomhtha, agus do chuir sé air bhinn an teampuill é,
6 Agus a dubhairt sé ris, Mas tú Mac Dé, teilg thú féin síos: óir a tá sé sgríobhtha, Go ttiobhruigh sé aithne da ainglibh ad thimcheall: agus toigabhuidh said thú ann a lámhaibh, do chum nach mbúailfeá do chos fá chloich.
7 A dubhairt Iósa ris, Atá sé sgríobhtha mar an gceadna, Ní chuirfidh tú cathugadh ar an Tighearna do Dhía féin.
8 Rug an diabhal a rís é do chum sléibhe ro áird, agus do thaisbeín sé dhó rioghachda an domhain uile, agus a nglóir;