8 Rug an diabhal a rís é do chum sléibhe ro áird, agus do thaisbeín sé dhó rioghachda an domhain uile, agus a nglóir;
9 Agus a dubhairt sé ris, Do bhéaruidh mise iád so uile dhuit, má shléachdann tú dhamh dom onórughadh.
10 A dubhairt Iósa ris annsin, Imthigh romhad, a chathuightheóir: óir átá sgriobhtha, Onórfuidh tú an Tighearna do Dhiá féin, agus a dó na áonar do dhéuna tú seirbhís.
11 Do fhágaibh an díabhal é an tansin, agus, féuch, tangadar na haingil agus do rinneadar friotholamh dhó.
12 Agus an tan do cúalaidh Iósa gur cuireadh Eóin a láimh, do imthigh sé don Ghalilé;
13 Agus ar bhfágbháil Nasárét, taínic sé do dhéanamh comhnuighe go Capearnáum, do bhí chois na fairge, a leithimeal Shabulon agus Nephtailim:
14 Do chum go gcoimhlionfuidthe an ní a dubhairt Esaias fáigh, noch a deir,